Fad a bhíonn tusa
ag teacht abhaile
ag oscailt canna beorach
ag féachaint ar an teilifis
Fad a bhíonn tusa
ag socrú síos sa tseanchathaoir cheanna
agus ag gearán faoi lá fada crua eile san oifig
ní deir tú cé chomh minic
a thriail tú do runaí a mhealladh
ná cé chomh minic is a thriail tú fein is do pháirtithe dí
cailíní an tádhairne
Fad a bhíonn tusa
ag socrú cá dtabharfaidh tú d’aghaidh anocht
nó bádite sna fógraí ag feitheamh le do dhinnéar
Bíonn sise
ag iarraidh dearmad a dhéanamh
ar na bastairdí gránna
á mbrú fein uirthi ar a slí chun oibre
agus mar ar bhain an bas agus na custaiméirí
triail aisti
Bíonn sise
ag ullmhú dinnéir
ag glanadh suas
ag imirt leis na páistí
agus ag iarraidh a chur abhaile uirthi féin
nach bhfuil i do chéepairse go léir
ach teidhe sealadach
agus in ainneoin sin is uile
go bhfuil s féin
ina bean phsta shona.
Deascan o Mheircea Theas, Comhar, May, 1992 pp64